Celtic

Club sacair is ea Celtic Football Club (tugtar Glasgow Celtic nó Celtic orthu go minic, agus Ceiltigh Ghlaschú as Gaeilge) atá lonnaithe i nGlaschú in Albain. Imríonn siad a gcluichí sa staid Celtic Park i bParkhead. Bhunaigh bráthair Máireach Éireannach, Bráthair Walfrid, an club ar 6 Samhain 1887 chun airgead a bhailiú ó theacht isteach na gcluichí chun béilte a chur ar fáil do bhochtáin oirthear Ghlaschú, áit a raibh mórán Éireannach bailithe tar éis blianta an Ghorta Mhóir. Lean Brother Walfrid sampla Hibernians a bunaíodh i nDún Éideann ó inimircigh Éireannacha cúpla bliain roimhe sin. D’imir siad an chéad chluiche i gcoinne Rangers ar an 28 Bealtaine 1888 agus bhuaigh Celtic 5-2. Ba é sin tús an iomaíocht idir an dá fhoireann ó Ghlaschú, ar a dtugtar an Old Firm. Ba é Celtic an chéad chlub Briotanach agus, mar dhea, an chéad chlub ó thuaisceart na hEorpa a ghnóthaigh Corn na hEorpa, sa bhliain 1967, le foireann a rugadh go huile is go hiomlán níos lú ná 30 míle ó Ghlaschú.